Taighde agus Teagasc

Taighde agus Teagasc

 

Ba í Coláiste Ollscoile Naomh Muire an chéad institiúid ardoideachais a chuir cúrsaí in oiliúint tosaigh múinteoirí trí mheán na Gaeilge ar fáil i Meán Fómhair 1996. Tá blianta taithí teagaisc ag na léachtóirí in earnáil na Gaelscolaíochta agus tá an fhoireann gníomhach i mbun taighde ar ghnéithe tábhachtacha den tumoideachas. Tacaíonn siad le forbairt stráitéiseach an oideachais lán-Ghaeilge sa phobal.

Déanann na léachtóirí lán-Ghaeilge comhoibriú le saineolaithe ábhar trasna an churaclaim le go mbeidh eispéireas saibhir sultmhar ag ár gcuid mac léinn.

Tugtar tacaíocht do mhic léinn i bhforbairt ardleibhéal líofachta agus cruinnis sa Ghaeilge agus i bhforbairt réimse leathan de straitéisí teagaisc atá fóirsteanach do chomhthéacsanna tumoideachais.

IME

IME

Cuirtear áiseanna agus ábhar oideachasúla trí mheán na Gaeilge ar fáil do mhic léinn, na háiseanna is úire atá foilsithe ag an Áisaonad Lán-Ghaeilge san áireamh.
Oibríonn an fhoireann i ndlúthpháirtíocht le naíscoileanna, bunscoileanna agus iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus le réimse eagraíochtaí oideachais agus cultúrtha.

Foireann Lán-Ghaeilge:

Stiúrthóir fhoireannchúrsa (Team Leader): Dr Gabrielle Nig Uidhir

Léachtóir Sinsearach (Senior Lecturer): Dr Tomás Rogan

Comhordaitheoir PGCE don Iar-bhunoideachas (PGCE Post-Primary Co-ordinator): Dr Seán Mac Corraidh

St Mary’s University College was the first higher educational institution to provide Irish-medium initial teacher education courses at undergraduate and postgraduate level, in September 1996. The Team of Irish-medium Lecturing staff has many years’ experience teaching in immersion schools. Staff are also very engaged in research into Irish-medium education and have contributed to key strategic developments in this area.

Irish-medium staff collaborate with subject specialists across other curricular areas to ensure an enjoyable and enriching educational experience for our students.

Students are supported in developing a high level of fluency and accuracy in Irish and in acquiring an range of teaching strategies appropriate to bilingual education contexts.

IME

IME

Irish-medium educational resources and materials are available to students, including the most up to date materials produced by the Irish-medium Resource Unit which is located in the College.
Partnerships with the growing number of Irish-medium schools and a range of external organisations are central to the Irish-medium experience in St Mary’s.

IME