Irish Medium Education

An Fhoireann lán-Ghaeilge ag Coláiste Ollscoile Naomh Muire

Ba í Coláiste Ollscoile Naomh Muire an chéad institiúid ardoideachais a chuir cúrsaí in oiliuint tosaigh múinteoirí trí mheán na Gaelige ar fáil i Meán Fómhair 1996. Is croífhoireann de bheirt léachtóirí muid atá páirteach i soláthar trí mheán na Gaeilge sa Choláiste. Tá blianta taithí ag teagasc in earnáil na Gaelscolaíochta agus taighde déanta againn ag leibhéal ardchéime sa dátheangachas agus sa tumoideachas. Bímid ag comhoibriú le saineolaithe ábhar i réimse achair curaclam le go mbeidh eispeireas saibhir sultmhar ag ár gcuid mac léinn. Tugtar tacaíocht do mhic léinn i bhforbairt ardleibhéal líofachta sa Ghaeilge agus i bhforbairt réimse leathan de straitéisí teagaisc atá fóirsteanach do chomhthéacsanna tumoideachais. Cuirtear áiseanna agus ábhar oideachasúla trí mheán na Gaeilge ar fáil do mhic léinn, na háiseanna is úire atá foilsithe ag an Áisaonad Lán-Ghaeilge atá lonnaithe sa Choláiste san áireamh.

Cuirimid luach leis an pháirtíocht a fhorbraítear le scoileanna lán-Ghaeilge agus bímid ag comhoibriú le príomhoidí agus le múinteoirí sa tacaíocht a thugtar dár gcuid mac léinn ar thaithí scoile. Tá na mic léinn buíoch as an tacaíocht agus an spreagadh a fhaigheann siad ó fhoireann, ó dhaltaí agus ó thuismitheoirí na scoileanna lán-Ghaeilge agus tá na scoileanna féin buíoch don tiomantas, fuinneamh agus do na smaointí úra a thugann na mic léinn leo chuig seomraí ranga.

Oibrímid i ndlúthpáirtíocht le réimse eagraíochtaí a thacaíonn leis an oideachas trí mheán na Gaeilge, ina measc siúd:


The Irish-medium team at St Mary’s University College

St Mary’s University College was the first higher educational institution to provide Irish-medium initial teacher education courses at undergraduate and postgraduate level in September 1996. We are a dedicated core Irish-medium team of two lecturers who have many years of experience teaching in Irish-medium schools and who have also engaged in research at higher degree level on bilingualism and immersion education. We also collaborate with subject specialists in a range of curricular areas to secure an enjoyable and enriching educational experience for our students. Students are supported in developing a high level of fluency in Irish and in acquiring an array of teaching strategies appropriate to bilingual education contexts. Irish-medium educational resources and materials are available to students including the most up to date materials produced by the Irish-medium resource unit which is based in the college.

We value the partnerships we have developed with Irish-medium schools and work in close collaboration with principals and teachers in supporting students on School Experience. Our students on school placement appreciate the support and encouragement they receive from staff, pupils and parents. The schools in return appreciate the commitment, energy and new ideas that our students bring to classrooms.

We work closely with a range of other organisations which support Irish-medium Education including:

Stiúrthóir fhoireannchúrsa: Dr Gabrielle NigUidhir

Associated Staff