
Thug Clamairí Ard Mhacha cuairt ar an Choláiste Dé Céadaoin 12ú Deireadh Fómhair. Reáchtáil siad ceardlanna ceoil agus dráma trí mheán na Gaeilge do mhic léinn as Roinn na Gaeilge. Bhain na mic léinn an-sult go deo as an taithí agus fuair siad smaointe maithe ar an dóigh le dráma agus ceol a úsáid go héifeachtach sa seomra ranga.

