Home |  Search |  Contact Us |  Website & Cookies Policy

Admissions


Is cúrsa lánaimseartha bliana é an Teastas Iarchéime san Oideachas atá aitheanta go hiomlán ag an Roinn Oideachais.  Teagasctar formhór an chúrsa trí mheán na Gaeilge agus dírítear ar chéimithe atá ag iarraidh bheith ag teagasc i mbunscoileanna lán-Ghaeilge é. Tá ábhar an chúrsa bunaithe ar riachtanais Churaclam TÉ agus tugtar deis do mhic léinn léargas suntasach a fháil ar shaincheisteanna oideachais a bhaineann leis an tumoideachas.  Maireann an cúrsa sé seachtaine is tríocha agus caitear ocht seachtaine déag den tréimhse seo ar thaithí teagaisc sna scoileanna. Caitheann mic léinn dhá bhloc de thaithí scoile i seomra ranga i mbunscoil Lán-Ghaeilge agus bloc amháin i mbunscoil lán-Bhéarla.

 

Moltar go mbeadh ardchumas i labhairt agus i scríobh na Gaeilge acu sin atá ag iarraidh cur isteach ar an chúrsa seo. Tá agallamh agus tasc scríofa mar chuid den ghnáthamh roghnúcháin.

 

Tuilleadh eolais ar an chúrsa

Struchtúr an chúrsa

Réamheolaire an chúrsa

Tuilleadh eolais ar an chóras iarratais

 

Spriocdáta d’iarratas ar chúrsa TICO na Bunscolaíochta anseo

 

 

 

Eolas ginearálta ar TICO i dTuaisceart Éireann

Tá TICO ar fáil i ngach institiúid ardoideachais i dtuaisceart Éireann. Tairgeann gach institiúd speisialtacht dóibh siúd atá ag iarraidh stadás múinteora cáilithe a bhaint amach tríd an cháilíocht seo.

 

Oideachas Bunscoile – Ollscoil Uladh, Cúl Raithin

Oideachas Bunscoile (trí mheán na Gaeilge) – Coláiste Ollscoile Naomh Muire

Oideachas Meánscoile – Ollscoil na Banríona, Béal Feirste

Luathbhlianta agus siceolaíoideachasúil – Coláiste Ollscoile an tSrúthán Mhilis, Béal Feirste

 

Ba chóir dul i dteagmháil leis an institiúid ábhartha faoin speisialtacht ar suim leat fein.